«

»

Parish Newsletter – 15th April 2012

Nuachtlitir Ghaoth Dobhair

An Dara Domhnach Den Cháisc15/4/2012.

Aifrinn. – Na Doirí Beaga: Dé Luain, 7in. Dé Céadaoin 7in.
Dé Máirt, Déardaoin agus Dé hAoine-8.30 r.n. , 7in.
Dé Sathairn: 11.00 r.n., 7 in.
Dé Domhnaigh 8.30 r.n. agus 11.30 r.n.
Min Uí Bhaoill: Dé Domhnaigh 10.00 r.n.
Dún Lúiche: Dé Domhnaigh10.00 r.n.
Síor Adhradh: 7.30 in Dé Mairt go dtí 8.00in, Dé Céadaoin.
Faoisidin: Dé hAoine 7.30 in. Dé Sathairn, 11.30 r.n.

Oilithreacht Chairde Mhuire go Lourdes: 21ú Iúil-26ú Iúil 2012.
Ostán Paradis . Bus go Béal Feirste agus árais san áireamh. Táille €689. (Fógra sa
Phóirse). Eolas ó 9531189/9531310.

Oilithreacht bhliantúil Rath Bhoth go Fatima: 10ú -17ú Iúil 2012.Fógra sa
póirse no tuilleadh eolas ó Dara 086 0603350.

Cumann Duain na hÉireann (Irish Kidney Assoc.) Bailiúcháin ag geataí Theach
a Phobail ar an Satharn an 14/4/12 agus an Domhnach 15/4/12.

Dátaí Tábachtacha: An Chéad chomaoineach: 5ú Bealtaine 2012.
Dul faoi láimh Easpaig: 20ú Bealtaine 2012.
Domhnach na Reilige i Machaire Gathlán, 15ú Iúil 2012.
Domhnach na Reilige i nDún Lúiche,
15ú Iúil 2012.

Tuismitheoirí a bhfuil páistí acu, ata ag gabhail chuig na Chéad
Chomaoineach agus chuig Dul Faoi Láimh Easpaig, ba cheart go mbeadh siad
féin agus na páistí ag an Aifreann go rialta.

Uimhir na Sagairt: An tAth Donnchadh O Baoill

S.C.074 9531155
S.C.074 9531947
S.P.074 9531310

AN DARA DOMHNACH DEN CHÁISC B
AN CHÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal.
4:32-35
Bhí an slua uilig a chreid ar aon chroí agus ar aon anam, agus ní abradh aon duine
acu gur leis féin rud ar bith dá mbíodh ina sheilbh, mar go raibh na rudaí uilig i
gcomhsheilbh acu. Thugadh na hAspail fianaise ar aiséirí Chríost, ár dTiarna, le
cumhacht mhór agus bhí grásta Dé go mór iontu uilig. Ní raibh duine ar bith ina measc
ar an anás ach oiread, mar dhíoladh na daoine a dtithe agus a dtailte, agus bheireadh siad
an t-airgead agus chuireadh siad ag cosa na n-aspal é; ansin roinneadh le gach duine de
réir mar a bhíodh riachtanas air.

Sin é Briathar Dé.
FR. Buíochas do Dhia.

FREAGRA AN tSAILM
Alleluia, alleluia, alleluia.

AN DARA LÉACHT
Sliocht as céad litir Naomh Eoin.
5:1-6.
A bhráithre, gach duine a chreideann gurb é Íosa an Críost, is de chlann Dé é, agus gach
duine a thugann grá don Athair a ghin é tugann sé grá fosta don té a gineadh. Is mar
seo atá fhios againn go dtugaimid grá do chlann Dé, nuair a thugaimid grá do Dhia agus
nuair a bhíonn a aitheanta á gcoinneáil againn; is é seo grá Dé – a aitheanta a choinneáil;
ní ualach trom a aitheanta, mar duine ar bith a gineadh ó Dhia bíonn bua aige ar an
saol; is é an rud a sháraíonn an saol – ár gcreideamh Cé a sháraíonn an saol? An té a
chreideann gurb é Íosa Mac Dé Is é Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil, ní
leis an uisce amháin, ach leis an uisce agus leis an fhuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt
fianaise – mar gurb é an Spiorad an fhírinne.

Sin é Briathar Dé.
FR. Buíochas do Dhia.

ALLELUIA
Alleluia, Alleluia! “Dé bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú.” a deir an Tiarna.
“Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid.” Alleluia!

SOISCÉAL
Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin.
20:19-31.
Tráthnóna an lae sin, an chéad lá den tseachtain, nuair a bhí na doirse druidte ar an
áit a raibh na deisceabail, le heagla roimh na Giúdaigh, tháinig Íosa chucu, sheas sé
ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!” Nuair a bhí an focal sin ráite thaispeáin
sé daofa a lámha agus a thaobh. Bhí lúcháir ar na deisceabail nuair a chonaic siad an
Tiarna. Labhair Íosa leo arís agus dúirt: “Mar a chuir an tAthair mise uaidh, táimse do
bhur gcur-sa.” Nuair a bhí sin ráite aige, shéid sé a anáil orthu agus dúirt: “Glacaigí an
Spiorad Naomh. Na daoine a maithfidh sibh a bpeacaí dóibh, beidh siad maite dóibh;
na daoine a gcoinneoidh sibh a bpeacai, beidh a bpeacaí coinnithe.” Ní raibh Tomás,
duine den dáréag, ar a dtugtaí Didimus, ina gcuideachta nuair a tháinig Íosa. D’inis na
deisceabail eile dó: “Chonaic muid an Tiarna.” Ach dúirt seisean leo: “Muna bhfeice
mé lorg na dtáirní ina lámha agus muna gcuirim mo mhéar isteach san áit a ndeachaigh na táirní, agus mo lámh isteach ina thaobh, ní chreidfidh mé.” Ocht lá ina dhiadh sin
bhí na deisceabail sa teach arís, agus Tomás leo. Bhí na doirse druidte, ach tháinig
Íosa, sheas sé ina measc agus dúirt: “Síocháin daoibh!” Ansin dúirt sé le Tomás: “Sín
amach do mhéar agus seo duit mo lámha; cuir amach do lámh agus cuir isteach i mo
thaobh í; ná bí michreidmheach, ach creidmheach.” D’fhreagair Tomás: “Mo Thiarna
agus mo Dhia.” Dúirt Íosa leis: “De bhrí go bhfaca tú mé, a Thomáis, chreid tú. Is
beannaithe iad sin nach bhfaca agus a chreid.” Is iomaí sin comhartha eile a rinne Íosa i
láthair a dheisceabal nach bhfuil scríofa sa leabhar seo. Ach tá an méid seo scríofa ionas
go gcreide sibh gurbh é Íosa an Críost, Mac Dé, agus trí bhur gcreideamh go mbeadh
beatha agaibh ina ainm.

FR. Moladh duit, a Chríost.

BÁS LE GAIRID:
Jimmy Phadaí Jimí Mac Giolla Bhríde, Ard na gCeapairí. Aif C. Míosa 21/4/12. 11r.n
Anne Daly (Clancy) Baile Átha Cliath.
Cathal Mc Gee, An tÁrd Donn.
Séamus Ó Fearraigh, (Oisín) Mín a Cuinge.
Síle Thomais Nellie, Glascú / Cnoc Fola.
Bernadette Devine, Baile Átha Cliath.
Caitlín Gillanders, Ard na gCeapairí & Baile na Lorgán
Maggie Mc Glinchey, Doire,& Inis Oirthear.
Aodh Ó hOireachtaigh, Gleann Domhain/Gort a’ choirce.
Charlie Minnie, Anagaire & Edinburgh
Hiúdaí Néill Mac Phaidín, Cnoc Fola.
Martin Brennan, Astráil.

CUIMHNEACHÁIN BÁIS:
Owenie & Joe Gillespie, Bun Beag. Aif 18/4/12, 7in.
Kitty Charlie Thimlín Ni Bhaoill, Machaire Loisce& Glasgow.
Niall & Síle Ní Bhaoill, Baile, Baile an Droichid, Aif. 21/4/12, 7in.
Bríd Nic Aodha, An Charraig.
Alec Ó Frighil, Srath na Bruaighe.
Bríd Ní Bhaoill, Dobhair Láir.
Mary Bhillí Mhic Pháidín, Cnoc Fola: Aif. De Sathairn, 14ú.
Connie Mac Pháidín, An Ghlasaigh: Aif. De Domhnaigh, 15ú, 9.00 r.n.
Joe Ó Briain, Gleann Ualach; Aif. De Domhnaigh, 15ú, 11.00 r.n..

FÓGRAÍ CHNOC FOLA:
Aifrinn: 7 in. Dé Luain , Dé Céadaoin, Déardaoin.& Dé hAoine. Dé Máirt 10.00r.n
Dé Domhnaigh 9.00r.n. 11.00r.n.

Cruinniú Poiblí in Ionad Pobail Chnoc Fola. Dé Luain 16ú Aibreán, ar 8.00in.
Lé coiste Forbartha Chnoc Fola, áth- bhunadh. Fáilte roimhe na 8 mbaile fearainn ag an
chruinniú seo.

An Chrannóg: eolas ó Chathal, Emma nó Teresa ag 074-9532208.

Ranganna Scéalaíochta do phaistí Bun Scoile. Sraith eile 6 seachtaine ag toiseacht ar an 27ú
Aibreán ag 4.30in.
Campaí Samhraidh na Crannóige sa Chrannóg agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair,
Toiseacht 9ú Iúil. Ar feadh 8 seachtaine.
Club Caoga: Toiseacht arís Déardaoin seo 19ú Aibreán.

Loinneog Lúnasa: (Féile Ceoil Ghaoth Dobhair 10-12 Lúnasa. Toiseacht le Ceolchoirm
le Altan ar an Aoine 10ú Lúnasa – Tuilleadh eolas le theacht.

Coiste Forbartha Cois Claidigh:Cruinniú san Acadamh Dé Céadaoin 18ú Aibreán ag
8.00in.

Tráthnóna Glantacháin ag Óg chlubanna Óige n Gaeltachta: Tráthnóna Dé hAoine an
20/4/12. Tuilleadh eolas ó chinnirí na gclubanna!

Ionad Cois Locha Dún Lúiche: Foscailte arís don tséasúir ón 7/4/2012.

Daffodil Day: Buíochas do gach duine a thug tacaíocht don lá. Tógadh €2,660.

Muintearas : Train the Trainer FETAC Leibhéal 6 Cúrsa 3 dheireadh seachtaine. Cúrsa

Bunúsach Ríomhairí( Basic Computers) : 8 seachtaine. Comhrá Gaeilge 10 seachtaine Rang
ríomhaireacht do pháistí Bun Chúrsa ( Dhá ghrúpa : Faoi 10, agus 10+) 1.00- 2.30 & 3.00- 4.30 .
Rang bun scileanna Gruagaireacht(Hairdressing) oíche amháin nó lá amháin sa tseachtain5
seachtaine. Tuilleadh eolais shíle/Marian 074 9532578/9532989. E-Phost: mtchg@eircom.net.

Ionad Naomh Pádraig – www.ionadnp.ie – 074 95 32949
eolais ar na himeachtaí uilig ó Mháire no Annelene ag 074 9532949, nó ionadnp@eircom.net

Bingo Dhobhair – Ionad Naomh Pádraig
Beidh bingo Dhobhair ar siúl Dé Satharn, 14ú Aibreán, ag toiseacht ar 8:30.i.n. Beidh Bus Joe Den
ar an bhealach mar is gnáth. Fáilte romhaibh uilig.

Ionad Naomh Pádraig ag briseadh talamh úr

Tá cuireadh ag an phobal chuig ócáid stairiúil a bheas ar siúl in Ionad Naomh Pádraig ar an
Déardaoin 19ú Aibreán 2012 ag 2:00 in. nuair a dhéanfaidh
Séamus Mac Giolla Chomhaill
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Plean Forbartha 2012-2016 Ionad Naomh Pádraig,
Pól Ó Gallchóir
Ard Stiúrthóir, TG4
Plean Teanga 2012-2016 Ionad Naomh Pádraig
Brídín Ní MhaoldomhnaighRos na Rún
Suíomh úr Gréasáin Ionad Naomh Pádraig a lainseáil go hoifigiúil. Cuirfear sólaistí ar fáil. Fáilte
romhaibh uilig!
Ceardlainne Ealaíona & Ceardaíochta do pháistí (Children’s Art & Craft Workshops)
Ag toiseacht ar an Chéadaoin 25ú Aibreán ón 5.30 – 6.30 in. Cur glaoch ar an Ionad le clárú.